Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 22:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is geall le carraig bhréan fear na leisce,agus bíonn cách ag fonóid faoina aithis.

2. Is geall le cnapán aoiligh fear na leisce;gach duine a bheireann greim air, croitheann sé dá láimh é.

3. Is mór an náire é mac mí-mhúinte a ghiniúint;agus is dochar é breith iníne.

4. Faigheann iníon chiallmhar fear di féin,ach is dólás dá hathair iníon gan náire.

5. Tugann iníon easumhal náire dá hathair agus dá fear céile,agus beidh drochmheas acu araon uirthi.

6. Is cuma nó ceol ag tórramh, eachtra a insint go míthráthúil;ach tá ciall gach tráth le pionós agus le smachtú.

7. (Clann a thógtar i saol fónta, ceileann siad dúchas uiríseal a dtuismitheoirí;

8. Clann atá gan urraim, gan mhúineadh, gan chneastacht,tugann siad masla d'uaisleacht a muintire.)

9. Is cuma a bheith ag teagasc daoi nó a bheith ag dlúthú smidiríní pota le chéile,nó ag dúiseacht duine atá i dtromshuan.

10. Is cuma a bheith ag insint scéil do dhaoi nó do chodlatán:nuair a bheidh deireadh ráite déarfaidh sé: “Céard é sin?”

11. Bí ag caoineadh an mhairbh, mar tá an solas de dhíth air;bí ag caoineadh an daoi, mar tá ciall de dhíth air;ná goil chomh goirt ar an marbh, mar tá sé ar a shuaimhneas;Is measa ná bás beatha daoi.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 22