Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 2:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Breathnaígí na glúine atá imithe romhaibh, agus osclaígí bhur súile,cé a chuir a mhuinín sa Tiarna riamh agus gur náiríodh é?Nó cé a raibh eagla air roimhe go buan agus gur tréigeadh é?nó cé a ghlaoigh air riamh agus gur tugadh cluas bhodhar dó?

11. Óir tá an Tiarna truachroíoch agus trócaireach;maitheann sé ár bpeacaí agus sábhálann sé sinn in aimsir na trioblóide.

12. Is mairg do chroíthe gan mhisneach, agus do lámha gan fhuinneamh,agus don pheacach a shiúlann mar Thadhg an dá thaobh.

13. Is mairg don chroí fann, mar go bhfuil sé gan mhuinín,agus ní bhfaighidh sé dídean dá bharrsan.

14. Is mairg daoibhse ar theip ar bhur dtairiseacht,céard a dhéanfaidh sibh nuair a fhiosróidh an Tiarna sibh?

15. An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, ní dhéanann siad neamhaird dá bhriathra;an mhuintir a bhfuil grá acu dó, leanfaidh siad dá bhealaí.

16. An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, beidh siad ag iarraidh é a shásamh;agus beidh an mhuintir a bhfuil grá acu dó lán den dlí.

17. An mhuintir a bhfuil eagla an Tiarna orthu, déanfaidh siad a gcroí a ullmhú;agus iad féin a isliú ina láthair.

18. Titimis i lámha an Tiarna,seachas i lámha daoine;óir mar atá a mhórgacht,is amhlaidh dá thrócaire.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 2