Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 14:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ní dual maoin don sprionlóir,agus cén mhaith sealúchas d'fhear na sainte?

4. An té a chnuasaíonn le barr cruatain, is ar mhaithe le daoine eile a chnuasaíonn sé,agus bainfidh daoine eile súp as a mhaoin.

5. Má bhíonn duine gortach leis féin, cé leis a mbeidh sé fial?ní bhainfidh sé sásamh fiú as a shaibhreas féin.

6. Ní sprionlaithe aon duine ná an té atá sprionlaithe leis féin,agus sin mar a dhéanann an urchóid díoltas a imirt air.

7. Má dhéanann sé an mhaith féin, is gan chuimhneamh éagus ar deireadh thiar sceitheann sé ar a choirpeacht.

8. Is olc é fear shúil an éada,agus é ag casadh a ghnúise i leataobh agus ag déanamh neamhaird dá phobal.

9. Téann súil fhear na sainte thar a chuid;déanann an éagóir choiriúil a anam a sheargadh.

10. Bíonn an drochshúil sprionlaithe ar an mbia,ach an bia sin ar iarraidh óna bhord.

11. A mhic, cuir cóir ort féin de réir mar a bhíonn agat,agus tabhair tabhartais go fiúntach don Tiarna.

12. Cuimhnigh air nach gcuirfear an bás ar cairde,agus nár nochtadh conradh Sheól duit.

13. Déan an mhaith do do chara roimh bás duit,sín do lámh chuige agus tabhair dó oiread agus is féidir leat.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 14