Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 14:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ná diúltaigh lá sona duit féin,agus ná lig tharat do chion den séan is tnúth leat.

15. Nach gcaithfidh tú toradh do shaothair a fhágáil ag duine eile;agus fómhar do chuid oibre a fhágáil le roinnt ar crainn?

16. Tabhair, beir leat, agus ceap do shuaimhneas;óir níl pléisiur le lorg i Seól.

17. Téann gach dúil bheo in aois mar bhrat,óir is é an conradh é ó anallód: “Níl dul as ón mbás agat.”

18. Mar chrann craobhach faoina dhuillí bláfara,a shileann cuid dóibh, ach a eascrann lena thuilleadh,- sé an dála céanna é ag glúine fola agus feola;cailltear glúin, beirtear glúin eile.

19. Téann lobhadh ar gach saothar agus imíonn sé ar ceal,agus imíonn fear a dhéanta ar shiúl mar aon leis.

20. Is méanar don fhear a mhachnaíonn ar an eagna,agus a dhéanann a chuid argóinte le dea-chiall;

21. An té a scrúdaíonn a bealaí ina chroí,déanfaidh sé a mhachnamh freisin ar a rúin;

22. Téigh sa tóir [ar an eagna] mar a dhéanfadh fiagaí,agus déan luíocháin uirthi ina cosáin.

23. An té a bhíonn ag gliúcaíl trína fuinneogaéistfidh sé freisin ag a doirse.

24. An té a théann chun lonnaithe i gcóngar a tí,déanfaidh sé pionna a bhotha a ghreamú ina fallaí.

25. Cuirfidh sé a bhoth suas lena haisagus beidh togha lóistín mar lóistín aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 14