Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 14:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is méanar don fhear nach ndearna a bhotún lena bhéal,agus nach gá dó bheith á chiapadh féin faoina pheacaí.

2. Is méanar don fhear nach ndaorann a chroí féin é,agus nár theip riamh ar a dhóchas.

3. Ní dual maoin don sprionlóir,agus cén mhaith sealúchas d'fhear na sainte?

4. An té a chnuasaíonn le barr cruatain, is ar mhaithe le daoine eile a chnuasaíonn sé,agus bainfidh daoine eile súp as a mhaoin.

5. Má bhíonn duine gortach leis féin, cé leis a mbeidh sé fial?ní bhainfidh sé sásamh fiú as a shaibhreas féin.

6. Ní sprionlaithe aon duine ná an té atá sprionlaithe leis féin,agus sin mar a dhéanann an urchóid díoltas a imirt air.

7. Má dhéanann sé an mhaith féin, is gan chuimhneamh éagus ar deireadh thiar sceitheann sé ar a choirpeacht.

8. Is olc é fear shúil an éada,agus é ag casadh a ghnúise i leataobh agus ag déanamh neamhaird dá phobal.

9. Téann súil fhear na sainte thar a chuid;déanann an éagóir choiriúil a anam a sheargadh.

10. Bíonn an drochshúil sprionlaithe ar an mbia,ach an bia sin ar iarraidh óna bhord.

11. A mhic, cuir cóir ort féin de réir mar a bhíonn agat,agus tabhair tabhartais go fiúntach don Tiarna.

12. Cuimhnigh air nach gcuirfear an bás ar cairde,agus nár nochtadh conradh Sheól duit.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 14