Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 13:9-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Nuair a thugann duine mór le rá cuireadh duit, tóg go réidh é,agus is móide a dhéanfaidh sé a chuireadh a thathant ort.

10. Ná sáigh thú féin chun cinn agus ná brúitear i leataobh thú;ná fan as an tslí le nach ndéanfar faillí ort.

11. Ná lig ort gurb ionann tú agus é,agus ná geill do thuile a bhriathra;níl ina chaint go léir ach é do do thriail d'aon ghnó,agus ar chúl a gháire níl sé ach do do thomhas.

12. Is duine gan taise an duine béalscaoilteach,ní chosnóidh sé thú ar phian ná ar chuibhreacha.

13. Bí ag breith chugat féin agus ar d'fhaire go géar,óir tá tú ag gabháil timpeall le do thubaiste féin!

14. (Nuair a chloiseann tú an méid sin, múscail as do shuan;bíodh grá agat don Tiarna i gcaitheamh do shaoil, agus glaoigh air chun do shlánaithe.)

15. Bíonn grá ag gach dúil bheo dá sort féin,agus ag gach duine dá chomharsa;

16. Bíonn caidreamh ag gach ainmhí beo ar a chineál féin;agus cloíonn gach duine lena leithéid féin.

17. Cén cumann atá ag an mac tíre leis an uan?- is é an dála céanna é ag an bpeacach agus an fíréan.

18. Cén tsíocháin is féidir a bheith idir an faolchú agus an madra?agus cén tsíocháin is féidir a bheith idir an bocht agus an saibhir?

19. Bíonn na hasail fhiáine mar sheilg ag na leoin san fhásach,mar an gcéanna a bhíonn na boicht á bhfiach ag lucht an tsaibhris.

20. Is gráin leis an uaibhreach an umhlaíocht,agus is gráin leis an saibhir an bocht sa tslí chéanna.

21. Nuair a bhaintear tuisle as an duine saibhir, faigheann sé taca óna chairde;nuair a leagtar an bochtán, brúnn a chairde as an tslí é.

22. Nuair a shleamhnaíonn an fear saibhír bíonn a lán réidh le breith air;nuair a labhraíonn sé ráiméis, déanann siad é a chosaint;nuair a shleamhnaíonn an bochtán, cuirtear milleán air;fág go labhraíonn sé le ciall, ní thugtar áit dó.

23. Labhraíodh an duine saibhir, agus bíonn cách ina dtost,agus molann siad a chaint go hard na spéire;labhraíodh an duine bocht, agus deir cách: “Cé hé siúd?”agus má bhaintear tuisle as, buailtear cos air.

24. Is maith é an saibhreas mura bhfuil peaca ag dul leis;agus is olc é an bochtanas dar leis an éagráifeach.

25. Téann croí an duine i bhfeidhm ar a ghnúis,cibé acu chun feabhais nó chun donais é.

26. Comhartha croí shona is ea gnúis lúcháireach;ní obair gan dua seanfhocail a chumadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 13