9. Nuair a bhíonn ag rith le duine, bíonn a naimhde go duairc;nuair a bhíonn an scéal go hainnis aige, déanfaidh fiú a chara é a sheachaint.
10. Ná bíodh muinín agat go brách as do namhaid,óir tagann smál ar a choirpeacht dála an chopair.
11. Fiú má umhlaíonn sé é féin agus dul ag lútáil thart,fair amach duit féin, agus seachain thú féin air;deileáil leis dála an té a chuir snas ar scáthán,agus beidh a fhios agat nach mairfidh an smál air go brách.
12. Ná cuir ina sheasamh taobh leat é,le heagla go leagfadh sé ar lár thú agus d'áit a thógáil;ná cuir ina shuí ar do dheis é,le heagla go rachadh sé sa tóir ar do shuíochán féin,agus tuigfidh tú faoi dheireadh brí mo bhriathra,agus braithfidh tú an chealg i mo chuid cainte.
13. Cé ag a mbeadh trua don mhealltóir nathrach a bhfaigheadh an nathair greim air?nó don mhuintir a théann sa seans le hainmhithe allta?
14. Sé an scéal céanna é ag an té a thaithíonn an peacach,agus a bhíonn páirteach ina pheacaí.
15. Fanfaidh sé leat go fóill,ach má bhaintear tuisle asat, ní sheasóidh sé leat.
16. Beidh mil ar a bheola ag an namhaid,ach ina chroí beidh sé á bheartú thú a chaitheamh sa díog;beidh deora ina shúile ag an namhaid,ach má fhaigheann sé faill, ní shásóidh fuil féin é.
17. Má thagann mí-ádh ort, gheobhaidh tú ansiúd romhat é;beidh sé ag cabhrú leat mar dhea,ach cor coise a thabharfaidh sé duit.
18. Croithfidh sé a cheann agus buailfidh sé a bhosa;beidh a lán cogarnaíola aige, agus cuirfidh sé guthaí de.