Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 9:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Tús na heagna eagla an Tiarna;agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.

11. Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa,agus cuirfear blianta le fad do shaoil.

12. Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe;más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.

13. Bean ghliogair an óinseach;tá sí leanbaí, aineolach.

14. Suíonn sí ag doras a tí;suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach.

15. Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braidagus iad i mbun cúraimí an lae:

16. “An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!”agus deir sí leis an amadán:

17. “Is milis é an t‑uisce a goideadh;is milis é an t‑arán a itear faoi choim.”

18. Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo,go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 9