Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 9:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá a teach tógtha ag an Eagna,agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.

2. Tá sí tar éis a mairt a mharúa cuid fíona a ullmhú,agus a bord a chóiriú.

3. Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,le glaoch amach ó arda na cathrach:

4. “Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”agus le lucht na díchéille deir sí:

5. “Téanaigí, ithigí mo chuid aráin,agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.

6. Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh;siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”

7. An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne;an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.

8. Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort,ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.

9. Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós;múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.

10. Tús na heagna eagla an Tiarna;agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 9