Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 8:9-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is díreach iad don té a thuigeann,agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.

10. Glac le smacht uaimse in áit an airgid,agus le heolas in áit togha an óir.

11. Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí,agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.

12. Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht;aimsím eolas agus éirím;

13. Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas;is liomsa géire intleachta agus cumas.

14. (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;)is fuath liom uabhar, díomas,cosán an oilc agus an béal bréagach.

15. Is tríomsa a rialaíonn ríthe,agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.

16. Is tríomsa a riarann flathaagus a rialaíonn uaisle an domhan.

17. Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom,agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.

18. Tá maoin agus onóir agamsa,saibhreas buan agus conách.

19. Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre,agus mo fhómhar ná togha an airgid.

20. Siúlaim i mbealach na fíréantachta,i mbealaí na córa,

21. Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé,agus ag líonadh a dtaiscí.

22. Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.

23. I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.

24. Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.

25. Sular cuireadh na sléibhte ina n‑áit,sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 8