5. A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht;agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].
6. Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam;agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.
7. Fógróidh mo bhéal an fhírinne;agus is fuath le mo bheola an urchóid.
8. Is ceart iad briathra uile mo bhéil,níl cor ná cam iontu.
9. Is díreach iad don té a thuigeann,agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.
10. Glac le smacht uaimse in áit an airgid,agus le heolas in áit togha an óir.