Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 8:31-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir,agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.

32. “Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa;is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.

33. Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí;ná déanaigí faillí air:

34. Is méanar don fhear a éisteann liomsa,ag faire gach lá ag mo gheataí,ag feitheamh ag mo dhoirse.

35. Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha,agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.

36. Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin;agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 8