Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 8:14-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;)is fuath liom uabhar, díomas,cosán an oilc agus an béal bréagach.

15. Is tríomsa a rialaíonn ríthe,agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.

16. Is tríomsa a riarann flathaagus a rialaíonn uaisle an domhan.

17. Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom,agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.

18. Tá maoin agus onóir agamsa,saibhreas buan agus conách.

19. Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre,agus mo fhómhar ná togha an airgid.

20. Siúlaim i mbealach na fíréantachta,i mbealaí na córa,

21. Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé,agus ag líonadh a dtaiscí.

22. Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.

23. I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.

24. Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.

25. Sular cuireadh na sléibhte ina n‑áit,sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;

26. Sula ndearna sé talamh nó tír,nó fóid thosaigh an domhain.

27. Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas,agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,

28. Agus ag socrú na scamall lastuas,agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,

29. Agus ag ceapadh teorann don fharraige,chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht,agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.

30. Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilteag cur áthais air ó lá go lá,agus ag súgradh ina láthair gan stad,

31. Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir,agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 8