Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 8:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nach nglaonn an eagna?Nach n‑ardaíconn an tuiscint a glór?

2. Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair;ar na cosáin atá a stáitse,

3. Ag na geataí os comhair na cathrach;glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí:

4. “Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara;ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.

5. A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht;agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].

6. Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam;agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.

7. Fógróidh mo bhéal an fhírinne;agus is fuath le mo bheola an urchóid.

8. Is ceart iad briathra uile mo bhéil,níl cor ná cam iontu.

9. Is díreach iad don té a thuigeann,agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.

10. Glac le smacht uaimse in áit an airgid,agus le heolas in áit togha an óir.

11. Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí,agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.

12. Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht;aimsím eolas agus éirím;

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 8