Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 7:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Idir dhá sholas, um thráthnona,faoi choim na hoíche agus sa dorchadas.

10. Ach, féach, seo bean faoina dhéin,gléasta mar striapach agus calaois ina croí.

11. Báirseach gan iontaoibh í,nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.

12. Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh,agus ag gach cúinne.

13. Beireann sí greim air agus pógann é,agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:

14. “Bhí íobairtí le hofráil agam,agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.

15. Uime sin tháinig mé amach i do choinne,agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.

16. Chóirigh mé mo leaba le brait,agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.

17. Chroith mé miorra, aloes, agus cainéalmar chumhráin ar mo leaba.

18. Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.

19. Óir níl m'fhear céile sa bhaile,ach é imithe ar aistear fada.

20. Thug sé mála airgid leis;fillfidh sé abhaile leis an lánré.”

21. Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,agus áitíonn air lena plámás séimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 7