Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 7:13-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Beireann sí greim air agus pógann é,agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:

14. “Bhí íobairtí le hofráil agam,agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.

15. Uime sin tháinig mé amach i do choinne,agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.

16. Chóirigh mé mo leaba le brait,agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.

17. Chroith mé miorra, aloes, agus cainéalmar chumhráin ar mo leaba.

18. Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.

19. Óir níl m'fhear céile sa bhaile,ach é imithe ar aistear fada.

20. Thug sé mála airgid leis;fillfidh sé abhaile leis an lánré.”

21. Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,agus áitíonn air lena plámás séimh.

22. Leanann sé í de gheit,faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe,Nó mar a rachadh fia i ngaiste,

23. nó go gcuirfí saighead ina ionathair;Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribegan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.

24. Éist liom anois, [a mhic],agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:

25. Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí,agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin.

26. Óir is iomaí fear a leag sí ar lár,agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir.

27. Sé a teach an bealach go Seólagus an tslí síos go cúirteanna an bháis.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 7