1. Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic,agus cuir m'aitheanta i dtaisce duit féin.
2. Comhlíon m'aitheanta agus mairfidh tú beo;coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile.
3. Ceangail de do mhéireanna iadagus scríobh ar chlár do chroí iad.
4. Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,”agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,
5. Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil,ón strainséir mná le briathra bladair.
6. D'fhéach [sí] ó fhuinneog a tí,amach ar an tsráid,
7. [Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithíaon ógánach éaganta.
8. Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne,agus ag gabháil an chosáin chun a tí,
9. Idir dhá sholas, um thráthnona,faoi choim na hoíche agus sa dorchadas.
10. Ach, féach, seo bean faoina dhéin,gléasta mar striapach agus calaois ina croí.