Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 6:1-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa,má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,

2. Má chuir do chuid cainte i ngreim thú,má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,

3. Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailtós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan:téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.

4. Ná lig codladh ar do shúile,ná suaimhneas ar d'fhabhraí.

5. Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste,nó éan ó láimh an fhoghlaera.

6. A leisceoir, téigh chun an tseangáin;déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.

7. Níl aon duine le hordú a thabhairt dó,saoiste ná máistir;

8. Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh,agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.

9. An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir?cathain a éireoidh tú ón suan?

10. Bíodh beagán suain, beagán codlata agat;fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,

11. Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí,agus an ghannchúis, dála an [déirceora].

12. An scraiste, an t‑urchóideach,gabhann sé thart agus grabhas air;

13. Luíonn sé súil, scríobann lena chois,agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar.

14. Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc,agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.

15. Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

16. Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,agus is gráin lena chroí seacht gcinn:

17. Súil an uabhair, teanga an éithigh,lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,

18. Croí a bheartaíonn cealga,cosa a bhrostaíonn chun an oilc,

19. Finné bréige ag spalpadh éithigh,agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.

20. A mhic, coinnigh aithne d'athar,agus ná tréig teagasc do mháthar.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 6