Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 4:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain;ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.

20. Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic,agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.

21. Ná scaoil as do radharc iad,coinnigh i gcochall do chroí iad.

22. Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad,agus is sláinte iad don cholainn ar fad.

23. Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí,óir is ann atá foinsí na beatha.

24. Tabhair cúl leis an mbéal mealltach,agus seachain an comhrá claon.

25. Féachadh do shúile díreach romhat,agus bíodh d'amharc romhat amach.

26. Bíodh an cosán faoi do chosa réidh,agus do shlite go léir daingean.

27. Ná claon ar dheis ná ar chlé,seachain do chos ar an olc.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 4