Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 4:10-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra,agus mairfidh tú an céad.

11. Múinfidh mé slí na heagna duit,treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.

12. Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna;nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.

13. Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é;cosain é ós é do bheatha é.

14. Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach;ná siúl bealach na gciontach.

15. Seachain é, ná gabh an treo sin;tabhair cul leis, gabh thairis.

16. Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh;fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;

17. Sí an urchóid is bia acu,agus an lámh láidir an fíon a ólann siad.

18. Tá bealach na bhfíréan mar an láchan,agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.

19. Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain;ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.

20. Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic,agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.

21. Ná scaoil as do radharc iad,coinnigh i gcochall do chroí iad.

22. Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad,agus is sláinte iad don cholainn ar fad.

23. Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí,óir is ann atá foinsí na beatha.

24. Tabhair cúl leis an mbéal mealltach,agus seachain an comhrá claon.

25. Féachadh do shúile díreach romhat,agus bíodh d'amharc romhat amach.

26. Bíodh an cosán faoi do chosa réidh,agus do shlite go léir daingean.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 4