Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 3:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú,ceangail faoi do bhráid iad,agus scríobh ar chláracha do chroí iad.

4. Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan,i láthair Dé agus daoine.

5. Bíodh muinín agat as an Tiarna,agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;

6. Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú,agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

7. Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí,ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.

8. Beidh sin ina íocshlainte do do cholainnagus ina fhaoiseamh do do chnámha.

9. Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir,agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.

10. Ansin líonfar do sciobóil go béalagus beidh maol ar do dhabhcha le fíon.

11. Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna,agus ná bí míshásta le ceartú uaidh.

12. Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá,faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic.

13. Is méanar don té a aimsíonn an eagna,agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,

14. Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgeadagus is mó a tairbhe ná an t‑ór.

15. Is luachmhaire í na péarlaí,níl ní a shantófá is inchurtha léi.

16. Ina deasláimh tá fad saoil,agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.

17. Bealaí aoibhnis a bealaí,agus níl ina treo ach síocháin.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 3