Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Conas an Eagna a Aimsiú

1. Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic,agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.

2. Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort,blianta breise saoil agus sonas go fial.

3. Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú,ceangail faoi do bhráid iad,agus scríobh ar chláracha do chroí iad.

4. Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan,i láthair Dé agus daoine.

5. Bíodh muinín agat as an Tiarna,agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;

6. Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú,agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

7. Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí,ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.

8. Beidh sin ina íocshlainte do do cholainnagus ina fhaoiseamh do do chnámha.

9. Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir,agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.

10. Ansin líonfar do sciobóil go béalagus beidh maol ar do dhabhcha le fíon.

11. Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna,agus ná bí míshásta le ceartú uaidh.

12. Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá,faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic.

Lúcháir na hEagna

13. Is méanar don té a aimsíonn an eagna,agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,

14. Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgeadagus is mó a tairbhe ná an t‑ór.

15. Is luachmhaire í na péarlaí,níl ní a shantófá is inchurtha léi.

16. Ina deasláimh tá fad saoil,agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.

17. Bealaí aoibhnis a bealaí,agus níl ina treo ach síocháin.

18. Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe,agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.

19. Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna,agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.

20. Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais,agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.

21. Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht,ná scaoil as do radharc iad.

22. Beidh siad mar bheatha ag d'anam,agus mar ornáid faoi do bhráid.

23. Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol,agus ní bhainfear tuisle as do chosa.

24. Ní bheidh eagla ort i do shuí duit,agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.

25. Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann,ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide;

26. Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra,agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste.

27. A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual ínuair is féidir leat í a chur i ngníomh.

28. Ná habair le do chomharsa: “Imigh leat agus fill arís;tabharfaidh mé duit amarach é” nuair atá sé faoi do láimh.

29. Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan,agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.

30. Na déan achrann gan ábharle duine nach ndearna aon dochar duit.

31. Ná bí ag éad le lucht ansmachtaagus ná déan aithris orthu.

32. Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach;is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.

33. Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine,ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.

34. Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí,ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.

35. Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna,ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.