Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 27:9-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.

10. Ná tréig do chara, ná cara d'athar;ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.Is fearr comharsa i mbéal an doraisná deartháir i bhfad ó bhaile.

11. “Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí,le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.

12. Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

13. Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir,bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.

14. An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine,áireofar é a bheith ag mallachtú.

15. Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí,báirseoir mná;

16. Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe,nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.

17. Iarann a chuireann faobhar ar iarann;agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.

18. An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh;an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.

19. [Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte],ní ionann croíthe na ndaoine.

20. Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sástaná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.

21. Don airgead an breogán, agus don ór an sorn,agus fear le briathra lucht bladair a mheas.

22. Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín,(fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

23. Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith,agus tabhair aire mhaith do do tháinte.

24. Ní buan maoin,agus an maireann saibhreas ó aois go haois?

25. Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t‑athfhás,agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,

26. Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit,agus na gabhair cíos do ghort,

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 27