Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 27:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach,mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.

2. Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é;déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.

3. Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh,ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.

4. Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

5. Is fearr ceartú os ardná grá faoi cheilt.

6. Créachta gan ghoimh a thugann cara;is iomadúil iad póga eascarad.

7. Is beag ar an sáitheach mil,ach is milis leis an ocrach gach searbh.

8. Is cuma nó éan ar fán óna neadfear atá ar fán óna bhaile.

9. Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 27