Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 26:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar,agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.

2. Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann,ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.

3. Lasc don each, srian don asalagus bata do dhroim na n‑amadán.

4. Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise,le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.

5. Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoisele heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.

6. An té a chuireann amadán ar theachtaireacht,(gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 26