Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 24:25-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.

26. An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.

27. Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.

28. Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

29. Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

30. Ghabh mé thar ghort an leisceora,agus thar fhíonghort an duine gan chiall.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 24