Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 23:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.

8. Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,agus rachaidh do bhladar amú.

9. Ná cuir caint amú ar amadán,mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.

10. Ná haistrigh an chloch ársa theorann,agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.

11. Óir is tréan é a bhfuasclóir,agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.

12. Cuir do chroí sa teagasc,agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.

13. Nara leasc leat smachtú linbh;ní trúig bháis dó buille bata.

14. Buail buille bata airagus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól.

15. A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar,ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;

16. Beidh mé féin meidhreach meanmnachnuair a sceithfidh do bhéal briathra córa.

17. Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh,ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;

18. Óir tiocfaidh an lá amárach,agus ní rachaidh do dhóchas amú.

19. Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat,agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 23