Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 23:20-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Ná taobhaigh lucht na síormheisce,ná craosairí gnáth na feola.

21. Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin,agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.

22. Éist leis an athair a ghin thú,agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.

23. Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach,mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.

24. Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin;an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.

25. Gura tú ábhar lúcháire d'atharagus suáilceas na mná a d'iompair thú!

26. Tabhair dom do chroí, a mhic,agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:

27. Cuithe domhain an striapach,agus tobar cúng í an bhean dheoranta.

28. Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh,agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.

29. Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán?agus buillí ó gach taobh?agus scamall sa tsúil?

30. Do mhéiseálaithe fíonaa bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.

31. Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é,nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn,ná nuair a shníonn sé siar go socair.

32. Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair,agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.

33. Feicfidh do shúile nithe aisteacha,agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.

34. Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin,amhail duine ina shuan ar an stiúir.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 23