Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 23:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Má shuíonn tú ag bord le flaith,tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat.

2. Cuir scian chun do scornaí,má tá luí le craos agat.

3. Ná cuir dúil ina shólais,mar níl siad iontaofa mar bhia.

4. Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine,agus ná bain le [breis bhradaigh].

5. Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi,fásfaidh sciatháin uirthi,dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.

6. Ná caith béile le duine gortachagus ná bíodh dúil agat ina shólais,

7. Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.

8. Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,agus rachaidh do bhladar amú.

9. Ná cuir caint amú ar amadán,mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.

10. Ná haistrigh an chloch ársa theorann,agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.

11. Óir is tréan é a bhfuasclóir,agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.

12. Cuir do chroí sa teagasc,agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.

13. Nara leasc leat smachtú linbh;ní trúig bháis dó buille bata.

14. Buail buille bata airagus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól.

15. A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar,ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 23