Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 22:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

4. Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarnaná saibhreas, onóir agus fad saoil.

5. Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.

6. Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

7. Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

8. An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

9. Tá beannacht i ndán don duine cineálta,mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

10. Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis,agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

11. Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,agus is cara don rí fear na cainte caoine.

12. Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire,ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

13. “Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir!“Marófar sa tsráid mé!”

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 22