Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 22:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine,agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór.

2. Casann an saibhir ar an daibhir;sé an Tiarna a rinne iad go léir.

3. Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

4. Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarnaná saibhreas, onóir agus fad saoil.

5. Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.

6. Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

7. Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

8. An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

9. Tá beannacht i ndán don duine cineálta,mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 22