5. Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.
6. Gnothú maoine le teanga bhréagach,gal soip é agus baol báis.
7. Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh,mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8. Is cam é casán an chiontaigh,ach is íon é iompar an duine ionraic.
9. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.
10. Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.
11. Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.
12. Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.
13. An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáinnuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
14. Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.
15. Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,ach is uafás é do na hurchóidigh.
16. An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.