Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 21:18-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Tá an t‑urchóideach mar gheall leis an bhfíréan,agus an feallaire leis an ionraic.

19. Is fearr cur fút san fhásachná le báirseach cancrach mná.

20. Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna,ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.

21. An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas,beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.

22. Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh,agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.

23. An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga,seachnaíonn sé tubaiste.

24. Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais,agus bíonn éirí in airde ina iompar.

25. Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin,mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.

26. Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc,ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.

27. Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach,agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

28. Déanfar an finné bréige a mhilleadh,ach tabharfar cluas i gcónaí d'fhocail an duine ghéilliúil.

29. Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach;déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.

30. Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairlean fód in aghaidh an Tiarna.

31. Déantar an t‑each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha,ach is é an Tiarna a bheireann bua.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 21