Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 21:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce;iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.

2. D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,ach meánn an Tiarna an croí.

3. An ceart is an chóir a dhéanamh,is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.

4. Súile uaibhreacha agus croí díomasach,is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.

5. Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.

6. Gnothú maoine le teanga bhréagach,gal soip é agus baol báis.

7. Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh,mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.

8. Is cam é casán an chiontaigh,ach is íon é iompar an duine ionraic.

9. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.

10. Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.

11. Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 21