Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 2:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,agus gur geal le d'anam an t‑eolas,

11. Beidh an chríonnacht mar gharda ortagus an tuiscint i do chúram,

12. Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide,agus ar lucht na claonteanga,

13. Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachtad'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;

14. Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh,ar gean leo an chamastaíl,

15. Ar casta iad a gcosáinagus nach siúlann ach ar bhealaí cama.

16. Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta,ón strainséir mná lena briathra bladair;

17. Threig sise céile a hóigeagus rinne dearmad ar chonradh Dé.

18. Tá a teach ag fiaradh chun báis,agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.

19. Ní fhilleann aon duine a théann ina treo,ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.

20. Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa,agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.

21. Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre,agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach.

22. Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún,agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 2