Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 2:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra,má thaisceann tú m'aitheanta i do chroí,

2. Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna,agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,

3. Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas,má scairteann tú ar an tuiscint,

4. Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead,má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,

5. Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann,agus cuirfidh tú aithne ar Dhia.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 2