Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréantaná an té atá saibhir ach claon ina shlite.

2. Ní maith í an díograis gan an machnamh;an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.

3. A bhaois féin a scriosann conách duine,ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.

4. Méadaíonn cairde le méadú maoine,ach tréigeann a aon chara an bochtán.

5. Ní rachaidh an finné bréige gan phionós,agus ní rachaidh fear na mbréag slán.

6. Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial;is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.

7. Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán,nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh....Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.

8. An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin;an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.

9. Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós,agus scriosfar an té a spalpann éitheach.

10. Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas,agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.

11. Cuireann ciall srian le fearg duine,agus is glóir dó scaoileadh le coir.

12. Is geall le glam leoin fearg rí,ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

13. Scriosann amadán mic a athair;is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.

14. Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar,ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.

15. Cuireann leisce duine i dtoirchim suain,ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.

16. An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein;an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.

17. An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna,déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

18. Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas;ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.

19. Díolfaidh fear an drochmhianaigh as;scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].

20. Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc,le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.

21. Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine,ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.

22. Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,agus is fearr bochtán ná bréagaire.

23. Seolann eagla Dé chun na beatha;an té a mbíonn sí aige,bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.

24. Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.

25. Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall;ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.

26. An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil,is mac gan náire é agus ábhar masla.

27. Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic,más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.

28. Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart;alpann craos an urchóidigh an t‑olc.

29. Tá [an bata] ullamh do scigirí,agus léasadh do dhroim na n‑amadán.