Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 18:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.

8. Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

9. An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.

10. Túr daingean ainm an Tiarna,ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

11. A mhaoin is cathair thréan don saibhir;is balla ard í, dar leis.

12. Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.

13. Baois agus náire is eafreagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.

14. Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar,ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?

15. Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas,agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.

16. Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine,agus tugann sé i láthair na bhflatha é.

17. Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl,nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.

18. Cuireann an crann críoch le haighnis,agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.

19. Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár;is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 18