1. An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leisagus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.
2. Ní hé an machnamh is geal leis an amadán,ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.
3. Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith;agus leanann an easonóir an masla.
4. Uiscí doimhne iad briathra an duine,tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5. Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.
6. Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7. Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.