Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 16:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

3. Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.

4. Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.

5. Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.

6. Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.

7. Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,déanann sé cairde fiú dá eascairde.

8. Is fearr an beagán agus an chóirná an mórán agus an éagóir.

9. Beartaíonn duine a chúrsa ina chroíach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.

10. Tagann oracail ó bhéal an rí,ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.

11. Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;is é a rinne na meáchana uile sa mhála.

12. Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh,mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.

13. Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.

14. Teachtaire báis fearg rí,ach déanfaidh an t‑eagnaí í a cheansú.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 16