Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 12:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ní dhaingníonn an urchóid aon duine,ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

4. Coróin a fir bean mhaith,ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

5. Is ionraic iad smaointe an fhíréin;ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.

6. Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.

7. Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.

8. Moltar duine ar fheabhas a chéille;ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.

9. Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.

10. Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

11. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

12. Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

13. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

14. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

15. I súile an amadáin is ceart é a chosán;éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.

16. Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.

17. An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;níl san fhinné bréagach ach calaois.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 12