Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 12:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas;an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.

2. Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir,ach daorann sé fear na ndrochbheart.

3. Ní dhaingníonn an urchóid aon duine,ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

4. Coróin a fir bean mhaith,ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

5. Is ionraic iad smaointe an fhíréin;ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.

6. Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.

7. Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.

8. Moltar duine ar fheabhas a chéille;ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.

9. Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.

10. Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

11. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

12. Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

13. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

14. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

15. I súile an amadáin is ceart é a chosán;éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.

16. Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.

17. An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;níl san fhinné bréagach ach calaois.

18. Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 12