Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 11:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,ach is gean leis an meáchan cóir.

2. Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire;tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.

3. Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh,ach scriosann a bhfeall na feallairí.

4. Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

5. Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.

6. Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.

7. Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 11