Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 11:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,ach is gean leis an meáchan cóir.

2. Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire;tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.

3. Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh,ach scriosann a bhfeall na feallairí.

4. Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

5. Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.

6. Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.

7. Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.

8. Saortar an fíréan ón tubaiste,ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.

9. Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga,ach saortar na fíréin le barr eolais.

10. Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair;nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.

11. Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan,ach scartáiltear í trí bhéal na n‑urchóideach.

12. Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa;fanann an duine tuisceanach ina thost.

13. Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheiltach coimeádann an duine iontaofa rúin.

14. Teipeann pobal cheal treorach;ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.

15. An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 11