3. Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach;is naofa é agus [lán de chumhacht].
4. Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht.Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir;agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.
5. Móraigí an Tiarna, ár nDia;umhlaígí i láthair a stóil choise;de bhrí gur naofa é an Tiarna.
6. Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart.Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm.Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo.
7. Is leo a labhair sé as colún an néil.Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí,na haitheanta a thug sé dóibh.
8. Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia,agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh,cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu.
9. Móraigí an Tiarna, ár nDia,agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa;óir is naofa é an Tiarna, ár nDia.