1. Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna,óir rinne sé éachtaí.Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,rug sé bua dó féin.
2. D'fhoilsigh an Tiarna a shlánú;nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
3. Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílsedo theaghlach Iosrael.Chonaic críocha uile na cruinneslánú ár nDé.
4. Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,agus nochtaigí bhur n‑áthas dó.
5. Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruitagus le fuaim na cláirsí.
6. Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhaircedon Tiarna, ár Rí.