Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 97:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh;bíodh lúcháir ar na hinsí go léir.

2. Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.

3. Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó,agus í ag loscadh a naimhde de gach leith.

4. Soilsíonn a splancacha an chruinne;creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.

5. Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarachi bhfianaise Thiarna na cruinne.

6. Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.

7. Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna,a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe;umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.

8. Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas,agus tá lúcháir ar chathracha Iúdáas ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 97