Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 96:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní dada iad déithe na gciníocha;ach is é an Tiarna a rinne na flaithis.

6. Is leis an ghlóir agus an gradam;tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir.

7. Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha;tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht,

8. tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm;tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.

9. Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa;bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.

10. Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,”shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe;tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.

11. Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór.

12. Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;tógadh crainn uile na coille gártha áthais

13. i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht;atá ag teacht a rialú na cruinne.Rialóidh sé an domhan go cothrom,agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 96