Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 95:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Téanam agus canaimis don Tiarna;déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.

2. Druidimis ina láthair le haltú buíochais;déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.

3. Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.

4. Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.

5. Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 95