Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 91:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga,agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.

5. Ní eagal duit uamhan na hoíche,ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,

6. ná an phlá a thriallann sa dorchacht,ná an sciúirse a mhilleann um nóin

7. Ar a shon go dtitfeadh míle le d'ais,agus deich míle ar do dheis,ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire,óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.

8. Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall,chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.

9. Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!”agus a rinne caiseal den Neach is Airde.

10. Ní thiocfaidh aon urchóid i d'aice,ná aon phlá i gcóngar do bhotha,

11. Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh:tú a chosaint i do shlite go léir.

12. Iompróidh siad thú lena lámhasula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.

13. Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair;gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.

14. De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh,agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.

15. Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.”Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

16. Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó;agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 91